Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 622
- XML “Na Turasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ansan d'imtigh sí mar splannc as a radharc suas san spéir.
Ni fheaca an bhean í an cuid eile dá saoghal agus do bhí ana bhron uirthe ansan nuair a bhí sí imighthe as an saoghal. Do mhair an bhean go suaimhneasach as san amach agus do bhiodh sí gach oidhche ag gol id dhiaidh an ingean.
Oidhche amhain do bhí sí isteach do tháinigh na pucaí isteach cucha agus do chuadar ag cainnt leí agus nuair a tháinig dó-dhéug a clog dubhart an bhean leo go raibh sé tam cun dul a coladh agus do bhí na pucaí ansan air buille
Dubharadar leí na raighidis abhaile in-aon-chor agus do thosnuigheadar ag troid agus ní raibh fhios ag an bhean cad a dheanfadh sí in-aon-chor agus do rith sí amach agus nuair a tháinigh sí isteach do bhíodar imighthe agus do bhí ana athas uirthe.
Do chuaidh sí i coladh agus an oidhche na dhiaidh sin níor fheaca sí aon púcaí agus do bhí ana athas air fad uirthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Loinghsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Loinghsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Gort na Tiobratan, Co. Chorcaí