Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair timpeall dá céad blian ó shoin agus do bhí sé pósta agus do bhí alán cearca agus géanna aige ach do bhí eagla an doman ar go n-íosfad an madra ruadh na cearca ar agus do duadh sé an doras gach oidhche.
Oidhche amháin do dearmadh sé an doras do dunadh agus do bhí ocras ar an madra ruadh agus do tháinig sé go cró na gcearch agus do thosnuig sé ag ithe na gcearch.
Do tháinig an fear amach agus do chuaidh an madra ruadh na luighe agus do ceap an fear go raibh sé marbh agus do chuaidh sé i d'iarraidh sgian agus an fhaid a bhí sé istig d'imthig an madra ruadh amach agus suas an cnoc cómh tapaid le splannc.
D'innis sé an sgéul do gach aoinne d'innis sé an sgéul do file agus do dhein an file rann mar gheall ar an fear agus an madra ruadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Iarfhlaithe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Luasaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Cheapach Thoir, Co. Chorcaí