Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 653

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 653

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 653
  3. XML “An Fear gan Chiall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann uair timpeall dá céad blian ó shoin agus do bhí sé pósta agus do bhí alán cearca agus géanna aige ach do bhí eagla an doman ar go n-íosfad an madra ruadh na cearca ar agus do duadh sé an doras gach oidhche.
    Oidhche amháin do dearmadh sé an doras do dunadh agus do bhí ocras ar an madra ruadh agus do tháinig sé go cró na gcearch agus do thosnuig sé ag ithe na gcearch.
    Do tháinig an fear amach agus do chuaidh an madra ruadh na luighe agus do ceap an fear go raibh sé marbh agus do chuaidh sé i d'iarraidh sgian agus an fhaid a bhí sé istig d'imthig an madra ruadh amach agus suas an cnoc cómh tapaid le splannc.
    D'innis sé an sgéul do gach aoinne d'innis sé an sgéul do file agus do dhein an file rann mar gheall ar an fear agus an madra ruadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Iarfhlaithe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Luasaig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Cheapach Thoir, Co. Chorcaí