Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí tinncéir ann uair amháin agus do bhíodh sé ag deisiughadh canaí i gcóir bainne do na feirmeóirí agus sáspain agus na rudaí mar sin agus do bhíodh sé ag deisiughadh sgáth fearthainne do na daoine uaisle.
Níor thaithn leis na daoine eile a bhí ina cómhnaidhe in-aice leis é in-ao'-chor, tinncéirí a b'eadh iad agus do bhíodar go léír ana bhocht agus do bhí sé go h-ana mhaith chun an obair a dheanamh agus ní raibh aon easba airgid riamh air mar do dheanfhadh sé an obair cómh maith sin ná raibh fhios ag aoine an meid airgid a dhein sé.
Do bhí sé pósta le bean ana mhaith ach níorbh aon iongnadh é sin mar fear ana mhaith a b'eadh é féin agus is é ainm a bhí ar an bean ná Cáit agus(leanann ar an chéad leathanach eile)