Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Toames, Maghcromtha
- XML Leathanach 212
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhéarsa a dhein bean caointe os cionn cuirp leinbh ministéir nár thug ach dhá phingin don bhean caointe chun an chaoine a dhéanamh.”
Bhearsa a dhein bean caointe ós cionn cuirp leinbh Ministéir nár thug ach dhá pingin don bhean caointe chun an chaoine a dheanamh.
Mo chara thú a Mhinistéir
A thug dom dhá phingin
I gcóir do leinbh a chaoineadh
Ar nóin Tá sé in ifreann
Mar a bhfuil an chuid eile agaibh
Siar ag a earball timcheall(gan teideal)
“Bhéarsa a dhein bean caointe os cionn cuirp a bhí go haindeis ar an gclár tórraimh.”
Bhéarsa a dhein bean caointe o's cionn cuirp a bhí go h-aindeis ar an gclár tórraimh. Nuair chonnaic sí an crot abhí ar an gcorp. féasógach, súil oscaileach, cam shiúleach, cos lúbach. Do baineadh geit aisti agus thosnuig sí mar seo:-
Tá do chosa suas led' chliabh
Is tá do fheasóg fhada liath
Is tú ag feachaint soir is siar
Is mo anam saor ó'n ndiabhal
Ach ní fheacaigheas do leithéid riamh