Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 262](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0338%2FCBES_0338_262.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 262
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Toames, Maghcromtha
- XML Leathanach 262
- XML “An Gadaí Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gadaidhe DubhBhí fear mór saibhir sa dúchaigh seo fadó agus bhí sé ina chómhnuighe le hais na cathrach. Bhí mórán tailimh aige. Bhí lán tighte fear oibre agus bhí lodge le hais an gheata aige agus fear ag tabhairt aire don geata. Ní raibh de muirighin ag fear an gheata ach é féin agus a bhean agus aon mac amháin. B'é an t-anim a ghlaoidís ar an mac ná Seáinín. Bhíodh Seáinín síos is suas go dtí an tigh mór gach aon lá. Amach san aimsir do mhothaigh na seirbhísigh sceana agus foirc agus plátaí ag imeacht. An cuid ba mheasa den scéal gcoinneodh an máistir luach na rudaí a ghoideadh as a dtuarascáil. In deire thiar thall, bhí na mná chun an tighe d'fhágaint mar ní dhíoladh a bpág as an damáiste a dheintí. Bhí na mná ag cásamh. D'fhiafraigh an máistir díobh an raibh tuairim acu ar an nduine a bhí ag goid na rudaí. Dubharadar leis gurab é a dtuairim gur b'é Seáinín a bhí ag goid na rudaí. Bhuel, dúirt an máistir leo lá amháin fear a' gheata a thabhairt aníos chuige. Tháinig sé. "Seadh" arsa an máistir leis "caithfear do mhac a chur le céird". Cad é an céard a thabharfadh dó" arsa an t-athair. "Gadaíocht" arsa an máistir. Caithfidh sé aimsir a thabhairt don Ghadhaidhe Dubh". "Is gránna, aithiseach an céard í." Arsa an t-athair. "Béir go dtí an Gadaí Dubh amáireach é." Arsa an mháistir. Do cheannaigh an t-athair culaith éadaigh nua do Sheáinín. Chomáin sé air ar maidin go moch agus dhein sé amach tigh an ghadaí dubh. "Dé bheatha chugainn" arsa an gadaí, nuair a chonaic sé é. "Go mairir slán" arsa fear a gheata. "Cad a thigh ansa thú" arsa an gadaí dubh."Nó cad é do ghnó?"."Bhuel, a dhuine uasail uasail, sé mo ghnó ná féachaint(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Laocha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Amhráin, Co. Chorcaí