Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Toames, Maghcromtha
- XML Leathanach 219
- XML “Murphy - Rahy”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in England but the change of diet from the potatoes and the Indian meal (and stirabout)
(gan teideal)
“Is mó sgéul innstear timcheall na háite seo mar gheall ar na fir láidre a bhí ann fadó.”
Is mó sgéul innstear timcheall na háite seo mar gheall ar na fir láidre a bhí ann fadó. Seo sgéul acu fadó timcheall 80 no 100 blian osoir, thagadh na daoine ogac áird go h aonach bhéil Átha buidhe agus bhíodh a lán comórtaisí nirt ann imeasc na bhfear. Bhí cloch mór i bpáirc an Aonaigh agus ní raibh duine ábalta í a árdú ón dtalamh idir lámhaibh ach aon duine amháin.
Protastúnach do beadh é sin. Nuair a dhein séan ghníomh seo tug sé an dubh-slán do aon "Papise", an ghníomh san a dhéinamh. Bhí seirbhrean ar na Caitilicigh agus chuarduigdear an dúthaigh feichaint an bhfaithidís fear a thógfadh an chloch. Sa deireadh fuaireadar fear mór láidir i gCúl Sneachtaigh in aice Dúnmaonmhuithe na raibh fhios a nirt aige, acht fear sgáchmhar dob eadh é, ná céigeadh amach acht go hanamh. Tháinig a chomarsain chuige aon oidhche amháin aguis chuireadar ar meisge no geall leis é agus thógadh ar leó é go páirc an aonaigh i lár na hoidhce. Thaisbheánadar an chloch dó agus thóg sé suas na bhaclainn í sa chead iarracht. Fuareadar cloch mór eile agus chuimeadar anuas ar an gcloich eile í agus thóg sé an dhá chloich gan trioblóid. Annsan, thógadar suas an dubh slán agus chuireadar sgeil go dtí an Protastúnach "Tyner"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnall de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Sneachtaigh, Co. Chorcaí