Scoil: Leaca Riabhach, Maghcromtha (uimhir rolla 9243)
- Suíomh:
- An Leaca Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máiréad de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear darbh ainm Seán Ciotac in a chomhnuidhe in aice le Caot Coutt uair len a mnaoi bhí feirm beag aige agus bhí sé go beo boct, mar bhí ana dhúil san ól aige”
Bhí fear darbh ainm Seán Ciotac in a chomhnuidhe in aice le Caol Coill uair len a mhnaoi
Bhí feirm beag aige agus bhí sé go beo boct, mar bhí ana dhúil san ól aige. Bíodh seafaidí ag innioe aige ar cnoc agus nuair a dhíoladh sé iad d'óladh sé an cuid ba mhó den airgead. Bhí bean in a comhnuidhe san áit céadna darab ainm Neans an Mhiannaigh, agus bhí tigh tarbhaine aici. Is annsan a chaitheadh Seán a chuid ama.
Lá amháin dhíol Seán sesaaidí an aonach in Innse Geimhleach, agus an lá 'na dhiadh sin ní raibh fágtha aige ach pingin. Chuaidh sé i dtreo tithe Neans, agus súil aige go dtabharfadh duine éigin pingin eile dó mar dá mbeadh dhá phingin aige d'féadfadh sé deoch a ceannach.
Do bhuail bean uime agus í ar lorg déirce. "Tabhair dom rud éigin ar son Dé" ar sise, agus bhí truagh aige di agus thug sé an pingin di. Bhí sí ana buidheach dó, agus dubhairt sí go dtabharfadh sí sparánín beag dó mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Michael Lucey
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Farmer (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Muine Choscair, Co. Chorcaí