School: Leaca Riabhach, Maghcromtha (roll number 9243)
- Location:
- Lackareagh, Co. Cork
- Teacher: Máiréad de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leaca Riabhach, Maghcromtha
- XML Page 066
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear darbh ainm Seán Ciotac in a chomhnuidhe in aice le Caot Coutt uair len a mnaoi bhí feirm beag aige agus bhí sé go beo boct, mar bhí ana dhúil san ól aige”
Bhí fear darbh ainm Seán Ciotac in a chomhnuidhe in aice le Caol Coill uair len a mhnaoi
Bhí feirm beag aige agus bhí sé go beo boct, mar bhí ana dhúil san ól aige. Bíodh seafaidí ag innioe aige ar cnoc agus nuair a dhíoladh sé iad d'óladh sé an cuid ba mhó den airgead. Bhí bean in a comhnuidhe san áit céadna darab ainm Neans an Mhiannaigh, agus bhí tigh tarbhaine aici. Is annsan a chaitheadh Seán a chuid ama.
Lá amháin dhíol Seán sesaaidí an aonach in Innse Geimhleach, agus an lá 'na dhiadh sin ní raibh fágtha aige ach pingin. Chuaidh sé i dtreo tithe Neans, agus súil aige go dtabharfadh duine éigin pingin eile dó mar dá mbeadh dhá phingin aige d'féadfadh sé deoch a ceannach.
Do bhuail bean uime agus í ar lorg déirce. "Tabhair dom rud éigin ar son Dé" ar sise, agus bhí truagh aige di agus thug sé an pingin di. Bhí sí ana buidheach dó, agus dubhairt sí go dtabharfadh sí sparánín beag dó mar(continues on next page)- Informant
- Michael Lucey
- Gender
- Male
- Occupation
- Farmer
- Address
- Moneycusker, Co. Cork