Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 026
  3. XML “Caisleán Mhaigh Chromtha - ó 1650 go dtí an Lá Inniu”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an caisleán do thogháil go fíochmar agus bhíodar ar tí buadhachtaint nuair do tháinig "Major Kirke" ag breith leis 300 de mharchaigh. D'éirigh arm Shéamuis as an ionnsuidhe gan mórán moille, annsan.
    Sa bhliadhan chéadna (1691), coigistigeadh an caisleán toisg go raibh Tighearna Clainne Cárthaigh ar thaoibh Rí Sheámuis sa chogadh. Do cuireadh suas an caisleán agus a raibh de thalamh ag gabháil leis i gcóir ceant puiblidhe. Chonnacamar cheana nuair a bhí Cárthaigh eile dílis do'n rí fuair sé a thailte féin ar ais; ac anois nuair a bhí an Cárthaigh seo dílis do'n Rí (Seámus II) chaill sé a dtaillte, go deimhin, ba mhó a d'fhulang na taoiseacha Gaodhlacha ar son na Stiúirthigh úd agus féac an toradh a bhí leis. Do cheannuigh cumann an caisleán agus a raibh de thalamh ag gabháíl leis! Do b'é an t-ainm a bhí ar an g-Cumann sin ná "The Hollow Sword Blade Company." Do dhíol an cumann sin airís é le breitheamh Bernard, an fear ar shíolruigheadh Iarlaí na Banndan uaidh.
    Timcheall na bliana 1800 ba le muinntear "Bernard" agus "Robert Hedges Eyre" an caisleán agus an baile ar fad. Taréis tamaill, fuair "Robert Hedges Eyre" an áít dó féín agus fuair sé bás ann sa bhliadhan 1840. Do phós a inghean fear darbh ainm "Simon White Hedges" bhí an teidal Iarla na Beanntraighe ag an bhfear-úd ó'n mbliain 1797 toisg gur dhein sé arm na Frainnce do choiméad amach ó thír nuair do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Ríordáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí