School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Page 037
- XML “Scéalta Crábhaidh”
- XML “Scéal Eile”
- XML “Scéal Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Ní dheacha bean dá leanbh thart ó bhíomar ag cur an tsíl annseo," adubhairt na fir. "Ag magadh atá sibh!" adubhairt an caiptín, "agus má's eadh íocfa sibh go daor as." "Ní magadh é. Níl ann acht lom-chlár na fírinne." "Níl ionnta seo acht bobarúin" adubhairt an caiptín. "Caithfimíd a gcuartughadh in-áit éigin eile."
- Shaothruigh Máthair Dé an saoghal go cruaidh, comh cruaidh cráidhte sin go mbíodh truaighe ag éanlaithe an aeir féin dí.
Do tháinig na fáinleoga thart tráth nuair a bhí sí in a seasamh ag bun na Croiche ag caoineadh Chríost Céasta; gur eitealladar thart thart uirri; gur chuimligheadar iad féin dá gúna fá dheoigh ag cur a dtruaighe i n-iúl dí.
Do thuit deor guirt na Máthar ar bhrollach fáinleoige san am agus níl lá ó shoin nach bhfuil ball bán le feiceál ar bhrollach na bhfáinleog mar chuimhne ar an lá úd dhá mhíle bliadhan ó shoin beagnach nuair a rinneadar comh-bhrón léi. - Tá sgéal go raibh bráthair bocht tráth a chonnaic dréimre árd dearg in a sheasamh agus cé(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Bhailís
- Gender
- Female
- Address
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Informant
- Muiris Ó Conaill
- Gender
- Male
- Address
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí