Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 006
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Lá dá raibh Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach mar ba ghnáth, i lár an lae do dhorcaig an lá mar an oidhche i dtreó na feicimís gadhar, cú ná seabhach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)"A mhic Oscar, an gcuimhin leat an uair a bhíomar fé na gcruaidh is na ceangail"
Annsan chaith Oscar a léim leóin, agus le sleas a dhóibh, bhuail sé an bhean mhór ar an taobh dheas agus tríd an taobh clé amach do tháinig an dóid.
"Amba, a Phádraig, le tuitim don talamh do mhnaoi. "Mo mhallacht siar" ar sise ar mo dhaisín féin, a bhí d'ionntaoibh liom mar inghean agus chuir faoi lár fé gheasaibh mé. Dá bhfaghainn-se laoch-fear a thógfadh mo pháirt agus do seasóchadh mo chás ar chathaoir cruaidh, do bhéarfainn-se mac, ná ghéillfeadh don domhan, agus b'einn airís im' chló féin."
"Amba a Phádraig nuair d'imthigh an draoisheacht di annsan agus í ag fághail bháis, do b'í an bhean ba bhreághta fén spéir í.
Nuair chonnaic Fionn an t'athrú a bhí tagaithe ar an mnaoi iasachta, bhí sé fiosrach 'na taobh agus do chogain sé a órdóg agus fuair fios.
Inghean rí do b'eadh í, agus ní raibh de clann aige acht í. Roimh a breith chuir sé fios ar seandraoi cun a fhághail amach uaidh cad iad na rusaí a thárlochadh i saoghal an leinbh. Dubhairt an seandraoi gur mhaith an rud dó gcuireadh an bhreith ar gcúl ar feadh cúig noiméadaí eile. Níor deineadh é sin agus rugadh an leanbh inghine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí