School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 006
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Lá dá raibh Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach mar ba ghnáth, i lár an lae do dhorcaig an lá mar an oidhche i dtreó na feicimís gadhar, cú ná seabhach.”
(continued from previous page)"A mhic Oscar, an gcuimhin leat an uair a bhíomar fé na gcruaidh is na ceangail"
Annsan chaith Oscar a léim leóin, agus le sleas a dhóibh, bhuail sé an bhean mhór ar an taobh dheas agus tríd an taobh clé amach do tháinig an dóid.
"Amba, a Phádraig, le tuitim don talamh do mhnaoi. "Mo mhallacht siar" ar sise ar mo dhaisín féin, a bhí d'ionntaoibh liom mar inghean agus chuir faoi lár fé gheasaibh mé. Dá bhfaghainn-se laoch-fear a thógfadh mo pháirt agus do seasóchadh mo chás ar chathaoir cruaidh, do bhéarfainn-se mac, ná ghéillfeadh don domhan, agus b'einn airís im' chló féin."
"Amba a Phádraig nuair d'imthigh an draoisheacht di annsan agus í ag fághail bháis, do b'í an bhean ba bhreághta fén spéir í.
Nuair chonnaic Fionn an t'athrú a bhí tagaithe ar an mnaoi iasachta, bhí sé fiosrach 'na taobh agus do chogain sé a órdóg agus fuair fios.
Inghean rí do b'eadh í, agus ní raibh de clann aige acht í. Roimh a breith chuir sé fios ar seandraoi cun a fhághail amach uaidh cad iad na rusaí a thárlochadh i saoghal an leinbh. Dubhairt an seandraoi gur mhaith an rud dó gcuireadh an bhreith ar gcúl ar feadh cúig noiméadaí eile. Níor deineadh é sin agus rugadh an leanbh inghine(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Derrynafinchin, Co. Cork