Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 025
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)fhios aige cá raibh sé. Tháinig saghas measgáin mearaidhe air agus nuair a cheap sé go raibh sé ag déanamh ar a bhaile féin, is ar treó eile ar fad a bhí sé ag dul. Bhí sé go fíor tuirseach, báidthe fluich, agus lag leis an ocras.
Chonnaic sé solus tamaillín uaidh agus chuaidh sé fé'n a dhéin. Chuaidh sé isteach i dtigh deas néata, in a raibh teine bhréag dhearg ar an dteinteáin. Bhí seomra eile seachas an chistin agus an doras chuige leath-osgailte. Ni raibh aoine sa chistin. Tháinig bean aníos. Bhí brat dubh uirthi agus a ceann clúdaighthe. Ní fheaca an strannsaer acht aon t-súil amháin. Do chuir sí cor i gcaoine ba bhreághtha dár airig sé riamh acht níor labhair sí focal leis cé gur iarr sé uirthí lóstín na h-oidhce. Shuidh sí ós a chómhair amach ar an dtaoibh eile den teine D'eirig sí, agus síos léi airís go dtí an seomra. I gceann tamaill gearr d'fill sí, agus do thosnuig ag caoineadh ath-uair acht níor labhair.
"Bheul" ar seisean leis féin "ós rud é go bfhuil sí cómh doithceallach, ní bheidh mise annso roimpi an tríomhadh uair a thiocfaidh sí. Ní fheadar cad é an saghas í", agus súid leis an doras amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí