School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 025
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.”
(continued from previous page)fhios aige cá raibh sé. Tháinig saghas measgáin mearaidhe air agus nuair a cheap sé go raibh sé ag déanamh ar a bhaile féin, is ar treó eile ar fad a bhí sé ag dul. Bhí sé go fíor tuirseach, báidthe fluich, agus lag leis an ocras.
Chonnaic sé solus tamaillín uaidh agus chuaidh sé fé'n a dhéin. Chuaidh sé isteach i dtigh deas néata, in a raibh teine bhréag dhearg ar an dteinteáin. Bhí seomra eile seachas an chistin agus an doras chuige leath-osgailte. Ni raibh aoine sa chistin. Tháinig bean aníos. Bhí brat dubh uirthi agus a ceann clúdaighthe. Ní fheaca an strannsaer acht aon t-súil amháin. Do chuir sí cor i gcaoine ba bhreághtha dár airig sé riamh acht níor labhair sí focal leis cé gur iarr sé uirthí lóstín na h-oidhce. Shuidh sí ós a chómhair amach ar an dtaoibh eile den teine D'eirig sí, agus síos léi airís go dtí an seomra. I gceann tamaill gearr d'fill sí, agus do thosnuig ag caoineadh ath-uair acht níor labhair.
"Bheul" ar seisean leis féin "ós rud é go bfhuil sí cómh doithceallach, ní bheidh mise annso roimpi an tríomhadh uair a thiocfaidh sí. Ní fheadar cad é an saghas í", agus súid leis an doras amach.(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Derrynafinchin, Co. Cork