School: Barrlinn
- Location:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 024
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.”
Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na Luathadh inaice le Beanntraighe. Ó Thighearna Bheanntraighe a bhí a fheirm aige. D'iarr an tighearna air uair amháin dul go Mághcromtha le litir, agus níor mhaith leis é eiriú, mar bhfearra do dhaoine gan bheith doithcheallach leis na tighearnaí talmhan an tráth san. Acht níor mhaith leis dul, mar bhí aonach le bheith imBeanntraighe i ndeire na seachtmhaine agus bhí mucha reamhra aige i gcomhair an aonaigh acht dubhairt sé leis féin dá ndeanfadh sé deabhál do mbeadh sé abhaile roimh an aonach. Bhí eolas na slighe agus na gcómhgair go maith aige. Sín é an cúis, tá's agat, gurab é féin a toghadh chun an gnó do déanamh - eolas na slighe a bheith cómh maith aige.
D'fág sé Beanntarighe ag breacadh an lae. Do shiubhal sé go Maghcromtha, dhein sé a ghnó, agus bhí ag filleadh ar chómhgar ag tuitim na h-oidhce. Ceap sé nár bhféidir leis dul ar strae, acht ar strae chuaidh sé, nuair do tháinig ceo trom ar na cnocaibh. Sa deire ní raibh(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí