Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh)
- XML Leathanach 369
- XML “Scéalta - An Gobán Saor, Conas a Fuair a Mhac a Bhean”
- XML “Céadagáin agus Bird”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gobán Saor leis an mac dul in-áirde ar an gCloigtheach agus bradán mór do chur ar crochadh ann.
Do chuaidh an mac in-áirde fhé mar a dubhradh leis ach do thuit sé síos agus marbhuigheadh ar an nóimeat é. Do chuaidh an t-athair féin in áirde ansan agusdo chuir sé an bradán ar crochadh ar bhárr an Chluigthigh mar a bhfuil sé le feiscint go dtí an lá indiu. - Roinnt bliadhan ó shoin bhí fear 'na chomhnuidhe i n-aice le baile mór Beanntraighe. Feirmeóir d'ob' eadh é agus bhí feirm cuibheasach maith aige. Bird an t-ainm a bhí ar fhear bailighthe cíos an cheanntair an t-am sin agus bhí sé 'na chomhnuidhe i mBeanntraighe. Ó Céadagáin a b'ainm don bhfeirmeóir. Tháinig mí-ádh éigin ar Ó Céadagáin agus níor bh'fhéidir leis an cíos do dhíol. Táinig na báillí agus do cuireadh an Céadagánach as seilbh a chuid talmhan.
Chuaidh sé chun comhnuidhe le feirmeóir eile sa chomursanacht agus d'fhan leis go ceann tamaill. Fé dheire d'éirig sé tuirseach den saoghal sin agus chuaidh sé ar ais chun comhnuidhe ar a fheirm féin. Tháinig na báillí airís agus do caitheadh as an bhfeirm an tarna h-uair é. Chuaidh sé ar ais airís agus do caitheadh amach airís é. Do chuir an báille an teach tré theine ansan agus dóigheadh chun na talmhan é.
Lá Aonaigh na Muc i mBeanntraighe,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sighle Áine Bean Uí h-Airtnéada
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom Cloch, Co. Chorcaí