Scoil: Com Liath (Scoil Brighde) (uimhir rolla 8924)
- Suíomh:
- An Com Liath Thiar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Cróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Trí rudaí nach féidir d'fhoghluim:-
Guth Féile agus Filidheacht
Na trí neithe na bíonn ionnaoibh asta:-
Oidhche Foghmhair, inntin ban agus tóin chapaill
Na trí rudaí is mo teasbach amuich:-
Puisín chait, mionan gabhair agus baintreach mná
Na trí rudaí nach féidir do thuigsint:-
Obair na mbeach, inntin na mban, teacht agus imtheacht na taoide.
Trí rudai nach féidir a dheanamh:-
Teine d'adú ar loch, Ciall do thabhairt do mhnaoi buirb,
Cloca do bhailiú i mbeal cuain
Na trí rudaí is mo salaighe san domhain.
muc, greasidhe agus shúdaireAr eagla na h easbaidh is maith bheith coimeádach
Acht ní abraim leat bheith leamh ná spadánta.Fuacht na slineann a breacann na luirgne
Ag cailleamhaint na [?] agus ag bailiughadh na sop.
Níl féasta go rósta & níl ceasa go pósadh
Níl maithre go Daille acht is measa bheith ar buille.
Is dall súil i gcuinne duine eile.
Is fuar cumann an athchleamhnais(leanann ar an chéad leathanach eile)