School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)

Location:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 171

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Page 171
  3. XML “Príomhscéal Chuan Dor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tuairisg (?) ar beithidheach na h-oiche aréir, do thánadar i gceann a chéíle airís agus dubhradar go raghadís ag cuardach an t-saidhbris an t-ath uair.
    Seo chun obair airís iad agus ambasa féin ní rabhadar i bhfad ann nuair do tháínig fathadh sathadh de bheachaibh ruadha isteach an chuan airís chucha agus dóbair go gcaochfaidhe dall iad leis na beacha ag sáthadh a gcealgaí ionnta. Dá mhéid an deithineas a bhí ortha aréir chun bóthair ba sheacht mhó an dithineas bhí ortha indiu, i gcorp an lae glé-ghil, a rith le na n-anam ó na beacha. Nuair dfáadar na beacha do thánadar i gceann a chéíle airís, do'n triú uair, agus bhí seanóir na measg. Diarmuid Mór Ó Dhonnabháin a b'ainm do, agus dubhairt sé gurbh é toil Dé an dhá soluíd úd do thuit amach aréir agus indiu. Má rithfeadh leo an t-ór d'aimsiú d'oscladiís na málaí" dubhairt sé chun é roinnt eatorra.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Donnabháin
    Gender
    Male
    Informant
    Sean Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Address
    Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí