Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíodh cuigeann a dhéanamh fado ní raibh sé ceaduighthe aon teine do bhreith amach as an dtig an fhaid a bheadh an chuigeann ar siubhal.Aon duine a thagadh isteach caithfeadh sé greas a bhualadh uirthi ar eagla an ime bhreith leis.Cé no bheadh an chuigeann á dhéanamh in aoncor ach í bheith iompuighthe in aice na teine ba cheart don duine a thiocfadh isteach lámh a chur ar an loinithe agus é chorruighe cúpla uair anonn is anall.
Creidtí go mbeirtí an t-im ó daoinibh uaireannta le piseógaibh. Bhí slighe ag na sean daoine chun an té a bhéarfadh an t-im d'fagháil amach.Cuirtí soc céachta sa teine nuair a thosnófaí ar an gcuigeann á dhéanamh.Nuair deargóchadh soc an céachta thiocfadh pian ar an duine a bhí cionntach agus ní féidir léí aon sos d'faghail go dtí go rithfeadh sí cun an tighe 'na mbeadh an chuigeann á dhéanamh agus greas a bhualadh uirthi.Annsan do bheadh a gcuid ime thar n-ais airís ag muinntir an tighe.- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muirthuille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Pháidín, Co. Chorcaí