Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 176](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0309%2FCBES_0309_176.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 176
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bainne na gClog
Bhí fear siubhail ann aon uair amháin agus ba gnáthach leis cuaird a thabhairt ar thig an fheirméara Sasannaigh seo. Bhíodh mór fáilte ag fear a' tige roimis, mar ba breágh leis bheith ag éisteacht leis na sgéulta bhíodh aige gach aon oidhce cois teineadh. Ba gráin le bean a' tige é d'fheiscint ag teacht i dtreo a tige in aon cor agus bhíodh sí ag áiteamh ar a fear chéile an bóthar a thabhairt do, ach bhíodh sé siúd ró ceanúil ar an mbacach agus thugad sé an chluas bhodhar di. An t-am so d'imthig an bacach agus ní raibh sé ag filleadh i bhfad na dhiaidh sin.Bhíodh fear a tighe fiafruighe de bhean a' tige ar chualadh sí aon tuairisg air déarfadh sí siúd ná chuala ach go raibh súil aici go bhfanadh sé mar a raibh aige.
Bhí tuairim is blian caithte agus an tráthnóna breágh Samhraidh seo, mí an Iúil a b'eadh é, agus bean a' tighe ag imtheacht léi féin ar fui a'tighe d'fhéach sí amach a' doras agus cé cíthfeadh sí ag gabháil aníos a casán ach an fear siubhail.
Cuir sí clódh mío-shásta uirthi féin láithreach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí