Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 178](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0309%2FCBES_0309_178.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 178
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Le linn dul a codladh do duine.
"Luighim se síos sé do chomairche a Mhaighdean Mhuire. Go raibh do bhrot glórmhar ag déanamh dín dom'snam. A Thigearna Íosa féach anuas le truagh anocht ar do sheachránuí bhocht sínte annso ar leabaidh. Gan fhios agam an eireóchaidh mé aisti ar maidin.
Ná ar osgailt mo shúl dom cá mbeidh m'anam
Ó a Íosa do cheannaig mé, beannuig mé saor mé
Ná glaodhaig as mo codladh orm choidhche as an saoghal so."
Nuair a chloiseann tú clog an Aifrinn abair
Ó, a Thighearna, bog mo chosa go bog chun Aifrinn,
Bog mo bhéal chun na mbréithre mbeannuighthe,
Árduig suas mo smaointe is m'aigne
Is díbir uaim na gníomhartha molluighthe"Chun bás maith d fagháil abair
"Go dtuigaidh Dia bás naomhtha ar deagh-uain dhúinn
An bás a fuair Naomh Ioseph idir dhá láimh Íosa - bás gan fiacha, gan pianta, gan peacaí dúinn"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muirthuille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Pháidín, Co. Chorcaí