Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó a Íosa Chríost mac dé na féíle diadha conghnamh liom,
Ó a Mhaighdin mhilis éíst liom éist liom.
Ó a Máthair Slánuightheóra an domhain congnamh liom.
Ó a Mháthair dé a Ríoghan na bhflathas,
A Ríoghan mhilis ghrádaig agus a thagarthóir an uile bhunús daona. Guidhim thar a bhaintighearna chómhthaithneamhach, a bhaintighearna na n-aingeal,
A bhláith na bpátríarc, a mhian na bhfáig, óírchiste na n-aspal, a mháthair na bhfaoisdineach, órnáid na maighdean, Ó a Mhaigdin ró-mhilis guidh ar mo sh on.
A bhaintighearna a gcloistear ó's cionn cómhludadar na n-aingeal, cosain mé ó'n uile chlé, san aimsir d'imtig, atá i láthair, agus a tá le teacht, ná tréig mé anois, ná san uair uathbhásachin a mbeidh m'anam ag seariúnt (?) lem' cholainn. Ó a Mhaighdin mhilis faigh dómh-sa ar uair mo bháis agus mo bhreithe, go raghadh m'anam go parathas naomhtha i bhfiadhnaise do Mhic Íosa agus go m'bfiú mé a ghrásta síorruidhe d'fheiscint maille leat.Ó a gheata pharathais, a phálás Íosa Chríost
A Réílthean na bóchna, a shólás an chine dhaona, bí truaghmhéileach dom. Ó a Mhaighdean Mhuire mhilis beannuighthe, Inghnean dé an t-athair, Máthair Íosa Chríost, Céile an Sprid Naoimh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall de Brún
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Léim, Co. Chorcaí