Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 267

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 267

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 267
  3. XML “Bláth na Gréine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ball breágh is eadh Bláth na Gréíne. Tá sé ar an dtaobh tuaidh de paróísde Míderos, in aice Cuan na Léíme. Tá coillte breaghtha ag fás ar thaobh cnuic na Slaodaibh ó barra na taoide go íochtar na spéire. Dá breáhtacht é agus do mhéid a crainn, níl aon préachan ann, agus tá siad in gach áit na thimceall go flúírseach. Tá siad in mBán Leithin, agus ins an Bhrághaid, i gCuan Dor, i Léím Uí Donnabháin agus i Midros, agus gan aon préachán ná nead phréacháín i mBláth na Gréine. Agus nuair a thagann stronséirí ann sa Samhradh bíonn siad ag ceistiú na ndaoine mar geall air agus iongnadh mór ortha na thaobh. D'innis sean duine dom go raibh siad ann fadó ach gur séanadar an áit toisc beart do deineadh ortha. Do bhí taoiseach na chomhnuí ann fadó agus bhí fuath aige dos na préacháin agus cuimhnig sé ar cleas cun iad do díbirt as an áit ar fad. Cuir se eorna i muga uisce beatha ar feadh seachtmhaine. Bhí uisce beatha saor san am san comh saor le uisce na sáile. Nuair a bhí an t-uisce beatha suaidhte ag an eorna agus na graineacha bog cuir sé amach fes na gcrannaibh in a raibh na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí