Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)
- Suíomh:
- Cill Briotáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
- XML Leathanach 327
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an sgeul sin dóibh agus ar sise "d'fhéadfhainn-se leigheas do thabhairt díbh dá n-iarrfá orm é." Ach níor iarradar an leigheas uirthi.Tig Muinntir Quinlan, an chéad áít eile abhair (?) sí amach. Bhí an ghrian ag ísliú siar sa spéir fé'n am seo. Deineadh cupán tae di agus fhaid is bhí sí 'á dheunamh ar sise leis an mnaoi, "Dhein tú rud Oidhche Sathairn nár cheart duit a deánamh." Do nighe tú léine le fear a' tighe agus do chuir tú amach ar an sgeach é ós comhair an dorais má (?) tú é nior dhuit é do chur. Ná déan a leithéid airís." Bhí iongnadh ar an mnaoí mar bhí fhios aici nách bhféadfadh le h-éinne a fhios sin a bheith aca.Nuair do bhí an tae ullamh do phreab an bhean 'na seasamh. "Ní fhéádfaim fanacht," ar sise," "caithfidh mé brostú." "Cé'n deabhadh atá ort" ar sa'n bhean eile léi, "Ó, a laog, laogh, cionnus a raghad go dtí an falla ag Cill a Mhairidh, nó bhfuil aon capall ag éinne annseo," ar sise. "Níl," arsa Bean Uí Cuinnleáin, "Muna bhfaghfa ceann o muinntir Uí Dhuinnín." Ní bhfuair sí an capall annsan: acht bhí Ó Deasmhúna ina chomhnuidhe i gCill Sinithan agus do bhíodh capall aige sin a thabharfadh sé amach ar son airgead do dhaoine. Do ghleás sé ceann acu fé thrucail agus chuir sé a beirt mhac in éinfeacht leis an mnaoi. Thiománadar leo go dtángadar go bun chnuic mhóir inaice le Cilla Mhairidh. Do bhí clóca liath bréide(leanann ar an chéad leathanach eile)