Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)
- Suíomh:
- Cill Briotáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
- XML Leathanach 334
- XML “Scéal”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ins an seomra, agus bhí siad ag cainnt agus ag seanchus. Ní raibh na buachaillí ann, mar bhí siad i bhfolach fé'n leabaidh. Tharraing siad an córda, agus i láthair gach aoinne d'éirigh an fear marbh. Rith gach aoinne amach as an seomra. Rith na buachaillí amach tré'n bhfuinneoig. Bhí fear ann agus bhí sé an-misneamhail, dubhairt sé gur cheap sé gur cleas a bhí ann. Chuaidh sé isteach sa seomra, agus na daoine eile in a dhiadh. Nuair a chuaidh sé isteach, bhí an fear sínte ar an leabaidh mar a bhí sé roimhe sin. Cúpla lá in a dhiadh sin, bhí fios ag gach aoinne gur cleas a bhí ann.
- Daoine Cáileamhla.
Do bhí bean ann fadó, bean Uí Deasmúna, Cúl Mánaigh, chuir Cinn-feadhma Barnett dlighe uirthi, do bhí sé sin in a chomhnuidhe i gCaisleáin Cúl Mhánaigh, chuaidh sí go Corcaigh, acht ní raibh aon airgead aici chun teacht thar nais, shiubhal sí thar nais. Triochadh míle a bhí sa turas.
Do bhí fear láidir fadó, agus tháinig sé go Cúl Mánaigh. Cuaidh sé suas ar Charraig Mhóir, agus tá rian a chos le feiscint ann fós.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cruadlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chorcaí