Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)

Suíomh:
Cill Briotáin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
  2. XML Leathanach 337
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Fear óg stróinseártha a chuiadh ar seirbhís go háit i bhfad ó bhaile.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dúbhairt sí na focail chéadhna. Bhagair fear a' tighe ar dhuine éigin labhairt léi. D'fheuc sí ar fear a tighe agus ar sise leis:-
    "A fhear úd thall sa chúl
    Ná bagair ortha do shúil
    Mar tá glaodhach na coiligh chúgham
    Agus caithfead-sa bheith ar siubhal."
    D'freagair seisean í agus dúbhairt:-
    "Níl agam'sa bád ná long
    Ach mo chapall tá i dtiúin
    Agus dá dtugainn seachtmhain ag siubhal
    Béarfad-sa do dhriothár go teamuill Fachtna Dún."
    "Tar slán beo", ar sise "sin é a bhí uaim." Agus d'imthig sí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Paidir a deireadh na seandaoine roimh dul a chodladh dóibh.

    Paidir a deireadh na Seandaoine roimh dul a chodladh dóibh:-

    "Réir Dé go ndeinim
    Beatha na Naomh go dtuilleam
    Ceol na bhFlaitheas go gcloisfeam
    Agus Flaitheas Dé go bhfeiceam."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
  3. (gan teideal)

    Ar oidhche 'le Eoín nuair a thógaidís cipín leasta as an leine cnámh agus nuair a chaithidís isteach sa gháirdín é deiridís: -

    Ar Oidhche 'le Eóin nuair a thógaidís cipín lasta as an teine cnámh agus nuair a chaithidís isteach sa gháirdín é deiridís:-
    "Beannuighim uaim síos an gleanntán."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge