School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 132
- XML “Scéal”
- XML “Scéilín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear na cómhnuidhe i gCluaindroichead fadó agus Sean a Scota a bi mar ainm air.”
(continued from previous page)Seán thuille. I gcionn cupla seachtmhain do tháinig Seán go dtí an sagart agus dubhairt sé leis, an mallacht do bhaint díobh airís ná raibh aon suaimhneas aige ó cur sé ortha.- Bhí fear bocht tímcheall na mball so alán bliadhanta ó shoin. Diarmuid a' Stoca an ainm a bhí air. D'fhanadh sé i dtighthe na bhfeirmeóirí mar do choimeadaidís é. Bhí sé mar sin i dtigh feirmeóra oidhche agus bhí stáisiún le bheith sa tigh ar maidin lár na mháireach. Nuair thánaig an sagart ar maidean bhí Diarmuid le h-ais na teine mar bhí an mhaidean go glas. D'fhiafruig an sagart d'fhear an tíghe cé'r bhé Diarmuid agus d'innis sé dho. D'órduigh an sagart é chur amach agus dubhairt fear a' tíghe leis dul isteach i dtigh na móna agus suidhe síos ann do féin. Ní deirtear go ndubhairt Diarmuid aon nídh. Ach ar ball nuair a bhí an sagart ullamh chun Aifrinn dubhairt sé le fear a' tíghe. "Téidhfir amach agus abair leis an bhfear san teacht isteach go dtí t-Aifreann".
Chuaidh an fear amach agus dubhairt sé le Diarmuid go ndubhairt an sagart leis dul isteach go dtí an t-Aifreann. Sé seo an freagra a thug Diarmuid air:-
Má tá an t-Athair Mhac chómh tarcuisneach leis an eaglais
Níl brígh nár ngnó,
'S ní fearra dhúinn an t-Aifreann
Ná suidhe ar a' móin."
I mball eile deirtear gur b'é Eóghan Ruadh Ó Súilleabháin adubhairt é agus gur b'é a bhí ann.- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Informant
- Maighréad Bean Uí Chuill
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Carraig an Phúca, Co. Chorcaí