School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 151
- XML “Ba agus Cróanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Innistear alán sgealtha greannmhara, agus cuid aca suimeamhail go leór mar gheall ar bhuaibh agus a dtighthe. Nuair bhítear ag deanamh cró cuirtear dhá shaileadh leath-dhóighte suas os cionn an doruis agus cuirtear cru capaill anáirde ar an bhfalla leis chun go mbeadh an t-ádh leis na buaibh.
Ach i dtaobh na ba féin innistear alán sgealtha mar gheall ortha. Nuair a bhíonn an bhó tar éis breith caithtear uisce coisreacan uirthi agus geibhtear coinneal beannuighthe agus dóightear an uile phioc de'n ghruaig a bhíonn ar ? na bó leis. Nuair ná bíonn siad ag fághail bháis deintear an leigheas so uaireannta. Fanann fear a' tíghe 'na shuidhe oidhche éigin go mbíonn bó ag breith agus nuair bhíonn an laogh tagaithe cuireann sé isteach i dteine mhor é agus dóigheann sé na smúsach i. Deirtear gur leigheas é sin agus go ritheadh na gamhna go maith leis as san amach.
Ní leightear amach na ba go dtítar éis Lae Bealtaine. Geibhtear uisce ó'n dtobar beannuithe ag an gCathair Crobh Dhearg ag bun an Dá Chích i gCiarraidhe agus croithtear ar dhrom na ba é ar dtúis. Croithtear an t-uisce sin ar na barraibh leis.
Leigheas do bhuaibh go mbíonn an galar fola ortha iseadh bainne a thabhairt le n-ól isteach ann. Cómhairuightear an mó bliain a bhíonn(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Address
- Garrán na gCapall, Co. Chorcaí