Scoil: Gurrane (C.) (uimhir rolla 14840)

Suíomh:
Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 365

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 365

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (C.)
  2. XML Leathanach 365
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean déirce agus a fear amuigh fén dtuaith lá. Fúaradar galún bainne ó bhean fheirmeóira. Bhíodar ana tuirseach agus shuidheadar ar cloch ar thaobh an bhóthair. Thosnuig an fear ag cnámhseál nuair nár eirigh leó níos fearr i rith an lae. Ná bí ag cnáimhseáil arsan bean. Díolfaimíd an bainne nuair a shroisfimíd an baile mór agus déanfaimíd airgead di. Ceannóimíd cearc leis an airgead beirfidh sí uibhe agus cuirfhimíd na h-uibhe ar gor agus bead ál sichíní. Bearfhaidh siad alán ubh agus deanfhaimíd alán airgead. Ceannóimíd gamhan leis an airgead. nuair a dhasaidh an gamhan beidh gamhan aici agus beidh macha breádh bó againn.
    Díolfaimíd na ba agus ceannóimíd tig breágh leis an airgead agus beimíd ana fial leis na bochtaibh. Ní bheimíd arsan fear agus gach scraiste daoimhín a chífiadh geóbhaidh sé barra na bróige úáim. Tharrig sé cích dar leis agus slán mar a n-ínstear é cad a bhúail sé ach an galún bainne agus ní raibh aon rud aca annsan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Chathasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carraig an Phúca, Co. Chorcaí