Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
- XML Leathanach 014
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean dhe mhuinntir Loinnsigh pósta thoir ag Carraig a 'Giolla fadó. Séan na Scáile a thugaidís ar a fear agus duine olc dob' eadh é. I gcionn cúpla bliain do fuair an bhean bás agus d'oir do Seán í cur i gCuillinn i dteannta a mhuinntir feín ach d'oir di siúd í cur i mBaile Múirne.
D'airigh a muinntir go raibh sé cun í breith go Cuillinn le lámh laidir lá na socraide. Bhí eagla ar muinntir Loinnsigh ná beidís láidir a ndóthain cur í baint de'n mhuinntir thoir agus dubhairt muinntir Thuama go raghaidís leo cé go mbíodh muinntir Thuama agus muinntir Loinnsigh ag gábhail ar a céile i mBaile Mhúirne do cabharaidís le céile i rud mar sin.
Ní raibh fear bean ná páiste de mhuinntir Loinnsigh ná raibh thoir lá na socraide. Do rugadar bean caointe leo. Bhí poírsín idir an dá thig agus an bóthar mar a thugad an cómhra síos. Bí eagla ar muinntir Shéain nuair a connaic siad go raibh arm de mhuinntir Thuama agus muinntir Loinnsigh ag teacht agus siar go Baile Mhúirne a chuaidh an socraid.
Seo cud de'n caointhe a bhí ar siubhal aca:-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Loinnsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Loinnsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí