School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl an Bhuacaigh
- XML Page 064
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt fhear i bpríosún. Bhí duine aca ó Bhaile-Mhúirne agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag guidhe cun Naomh Gobnait agus deareadh sé.
"A Gobnait mhúinte ó Bhaile-Mhúirne tóg as an bpríosún mé."
D'freagradh an fear eile é mar seo
"Beidh sí id chúram.
Níor stop an fear ó Bhaile-Mhúirne dá phaidreóracht agus oidhche amháin tháinig Gobnait Naomhtha agus d'oscail sí geata an príosúin agus leig sí amac an fear Naomhtha. Nuair a chonnaic an fear eile cad a bhí deanta aice chaith sé é féin ar a glúinibh is do thosnuig sé ar urnaighe agus deireadh sé an rud ceadna is a deireadh an fear eile ach d'freagradh Naomh Gobnait é le. "Beidh mé id chúram." Is ansan a chonnaic sé an díobháil a bhí deanta aige do féin. Ní raibh an bóthar mór deanta in-aon-cor an uair sin agus nuair a leigeadh amac as an príosún an fear sin tháinig sé an seana-bóthar agus nuair a shrois sé Beal an Ghearrta tháinig sé ar a glúinibh is do siubhal sé ortha ansan go dtí an seana teampall mar pionós ar an bpeaca a dhein sé.(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Ceallacáin
- Gender
- Male
- Address
- Leac Fhínín, Co. Cork
- Informant
- Brighid Bean Uí Corcora
- Gender
- Female
- Address
- Tonn Láin, Co. Cork