Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Im bhóthair Luimneach iseadh do bhuail an bás umum.
Na ionaid ghránda is a dhrom le claidhe.
Do dhruid sé im choinnibh is do rug ar lamh umum.
Is do fhiafruig de Sheáin boct conus a bhí.
Táim cinn tuirseac brúighte t-sráidhte.
Is snaidhm mo mhála is ar aghaidh mo croidhe.
Leog díoc síor é ceanam láithreac.
Go gleanntán áluinn is dein aithríghe
II
Diúlta a beirim dhuit a ghaduidhe gránda.
Tabhair dom spás beag ar feadh trí mí.
Cun go dtéighid me abhaile go dtí an t-Athair Pádraig.
Am sagart is fearr do rómhar a criosadh.
Annsúd a bhíonn sé ag suidhe ós cionn clár
Imeasc na sár-fhir ag ól na díghe.
III
Agus beirim se go deimhin duit má fhaghaim mo sláinte,
Gur fada ón áit seo do bheinn airís.
Beirim go deimhin duit má bhím in Éirinn.
Fé luighe na gréine ná sgiobhta dáil.
Gur sgríobhfadh "sumans" duit is go gchaithfhir géilleadh
Is ní bheidh taobh leat sínte ar clár.
Cuir fios ar an eaglais tar in aoinfheact.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhuimhneacáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Céilleacair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí