Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 014
- XML “Cúram na gCos Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní chaithidís bróga fadó go mbeidís dhá bhliadhain déag d'aois. Bhíodh a gcosa chómh cruaidh annsan ó bheith ag suibhal ar na bóithre go mbféidir leo rinnce a dhéanamh ar thor aitinn. An t-uisce a níghtí na cosa ann roimh dul a chodladh dhóibh caithtí amach é mar chreididís nár cheart an t-uisce sin do choimeád istigh i gcaitheadh na h-oidhche. Bheadh eagla ortha roimh na púcaí a leighéid do dhéanamh.
Bróga buinn-adhmaid a chaithidís fadó agus nuair a bhíodh na mná ag dul go dtí an margadh thógaidís a mbróga na lámha go dtí go mbeadh síad cómhgarach do'n bhaile mór. Lá amháin, bhí scata ban ag dul go dtí an margadh le chéile agus a mbróga na lámhaibh acu. Thuit duine achu a chos i gcoinnibh cloiche agus do ghearr sí í agus dubhairt sí "Tá áthas orm anois ná raibh mo bhróga orm"- Bailitheoir
- Siobhán Ní Bhuachalla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Bhuachalla
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí