Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 048](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_048.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 048
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 048
- XML “Céim an Fhiaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé léim treasna agus bhí sé timcheall trí troighthe déag ar leithead agus d'éaluigh sé. Glaodhtar "Léim an Fhiaidh" air leis.
Baineann beagán staruidheachta leis an áit seo. Troideadh cath fuilteach ann timcheall an bhliadhain 1847. Glaodhtar "Cath Céim an Fhiaid" air. Tá tagairt do'n chath seo i n-amhrán go bhfuil ainm na h-áite air. Dhein bean-file an t-amhrán so agus morán eile mar aon leis. Máire Ní Laoghaire b'ainm dí nú tugtar "Máire Bhuidhe" mar leas-ainm uirri. Ní ró-fhada ó'n áit a bhí a tig comhnuighthe. Bhí na Sasanaigh ar thaobh agus na h-Éireanaigh ar an dtaobh eile. Marbhuigheadh fear gurb' ainm dó Smith agus Sasanach a b'eadh é. Cuireadh i seana-phort é an chéad oidhche. Bhí eagla ortha go sgéithfeadh duine éigin agus tógadh an corp agus rugadh ó thuaidh é go Muinn Fluich agus cuireadh ann é. Tugtar "Muinn na Biorraidhe" mar ainm air. Fuair na saighdiúirí amach mar gheall air agus dheineadar d'fhiacaibh ar fhear éigin é thogaint. An poll as ar tógadh é bíonn rud iongantach ag baint leis, mar dathuigheann an t-uisge éadaighe buidhe. Áit ana-fhluich iseadh é agus tá clúmairt maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Ghúl
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom Óinigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Inse Bhreacáin, Co. Chorcaí