Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I mbaile mór Maghchromtha tá sean-chaisleán. Deirtear gur Muinntear Uí Fhloinn a thóg é ach níl aoinne cinnte. Tá a lán sean-scéalta ag gabháil leis an bhfothrach san.
Deirtear go raibh fear na chómhnuidhe i n-áit éigin timcheall na h-áite go raibh duais trom taisgthe ar a cheann. Chaitheadh sé oidhche annso agus eadarshudh annsúd ach oidhche amháin bhí sé ar a lóisdín i dtigh a charad i gCluaindrochid. Bhí fhios ag an gcaraid go raibh an duais sin ar a cheann agus theastuigh airgead uaidh chun spré do thabhairt d'á inghin. Dubhairt sé leis an bhfear go raibh eagla air é a choimeád sa tigh ach gur bhféidir leis codladh ins an sgioból féir amuigh. Dhein sé mar dubhradh leis agus i lár na h-oidhche d'imthigh fear an tighe amach agus do bhain sé an ceann de le sgéin an fhéir. Thóg sé an ceann leis go Caisleán Maghchromtha agus nuair a bhí sé ag gabháil thar an droichead, cé bhuail uime ach athair an duine a bhí marbh agus dubhairt sé leis go raibh sé taréis párdún d'fhághail d'á mhac. Chaith sé an ceann isteach thar badhbhdún an droichead agus chuaidh sé abhaile go dubhach dubhrónach.
Deirtear gur nígh sé an ceann i dtobar a bhí i mbaile fearainnn Árd na Croise i bparoíste Cluaindroichid agus gur tugadh "Tobar an Chinn" ar an tobar san. Dúnadh é roinnt bliadhanta ó shoin- Bailitheoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Loingsig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Inse na hAmhraí, Co. Chorcaí