Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 111
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a lán ainmhidhthe allta sa cheanntar so mar tá an talamh an-riascach agus cuireann a lán ainmhidhthe fiadhacne fútha ann. Is íad seo na n-ainmhidhthe allta is coitchianta sa cheanntar seo. An madra ruad, an broc, an coinín, an girrfiadh agus an firéad.
Cómhnuigheann an coinín i bpoll sa chlaidhe. Cómhnuigheann an girrfiadh agus an firéad i nead a deineann síad dóibh féin ar an talamh istigh fé tor. Cómhnuigheann an madra ruadh agus an broc i bpluais nú i bpoll sa talamh.
Itheann an coinín agus an girrfiadh turnaipí, féar, agus geamhar. Itheann an madra ruadh coiníní agus girrfidhthe agus cearca da bhfaigheadh sé íad.
Nuair nach mbíonn an firéad fiadhain itheann sé arán agus bainne. Itheann sé coiníní nuair a bíonn sé saor.
Itheann an broc coiníní agus céir-bheac. Deineann an coinín an-díogbháil mar itheann sé a lán barraí, coirce, turnaipí, agus a lán rudaí eile. Ní deineann an girrfiadh aon dioghbháil ná aon tairbhe, mar ní itheann sé ach féar agus uaireanta coipce agus manglaí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Drom Réidh, Co. Chorcaí