Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Leathanach 177
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí fear ag teacht abhaile ó Chorcaigh oíche Shamhna.”
Do bhí fearr ag teacht abhaile ó Chorcaig Oidhche Saman. Do gaibh sé cómhngar na gcnoc fé dhein a bhaile agus sar a raibh sé leath a shlighe do tháinig an oidhche dorcha air agus do chuaidh sé amú.
Do thug sé an oidhche go leir agh siubhal agus ní feadar sé cá raibh sé go bhfeaca sé colus bréagh ós a cómhair amac. Do dein sé fé na dhain agus is amhluidh a bhí séipéal deas ann agus sagart ar an altóir agh leigheadh Aifrinn. Do thug sé fé ndeara ná raibh aoinn ag freagairte an Aifrinn. Do dhruid sé suas go dtí an Áltóir agus do thosnuig sé ag freagairt an tAifrinn. Núair a bhí an tAifrinn ráidhte d’ionntuig an sagart amach ag tabhairt buidheachais do. “Táim anso gac aon oidhche Shamhna” ar seisean “le céad bliadhain ag léigheadh Aifrinn cun go dtiocfhad duine éigin cúgham a freagar óchad an t-Aifrinn dom sar a bhfeichfinn radharc na b-flatha mar nuair a bhíos am shagart do leigeas do duine bás dfághail gan an ola dhéanc. Annsan do cuir Dia an pionós san orm. Anois beidh mé i riogacht na b-flaitheas go deó agus gallaim dhuit ná bheirse abhfad am dhiaidh”.
Do bhí an ceart aige mar bliadhan ón oidhche sin do fuair an fear bás agus do cuiread an ola dhéarnach air sar a fuair sé bás.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann