Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Martias Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 187

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Leathanach 187
  3. XML “Ainm Páirceanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1)
    Sé an ainm atá ar an páirc in aice mo thig ná "Páirc na Claise". Sé an cúis is mó gur tugadh an ainm sin air ná go bhfuil claise ag rith na lár. (2) Tá pairc eile ann agus glaodhtar "Páircín an tobair air mar tá tobar ann.
    (3)
    Ainm eile ar phairc isteadh an Fatha. Sé an fath gur tugadh an ainm sin air ná go raibh "ciste ór fé carraig mhóir leathann atá ann agus gur minic a cuaidh daoine fé na dhéin á lorg istoidhche agus sa ló.
    (4)
    Tá tri páirceanna eile ann agus tugtar "Paircín an t-siucre" "páirc a leanna" agus an "Páirc bheag". Sé an fáth gur tugadh "Páirc a leanna" ar ceann acu ná, is ann a bhíonn na ba ag ag inbhear sa geimhridh mar tá fothain ann ós na crannaibh agus rud eile tá sí an-mhor agus leathann.
    (5)
    Tá páirc eile ann agus tugtar "an Garrdha dubh air mar nuair a bhí an gorta ag pléidhe na daoine in Éirinn fadó tháinig "an dubh" ar na prátaí san garrdha sin agus is uaidh sin thuill sé an ainm.
    (6)
    Tá páirc eile ann agus tugtar "páircín an gheata" air toisg go bhfuil geata i dtosach na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Seán Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann