Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Tobar LactínTá a lán toibreaca leis an ainm sin ortha tímpal an bhaill, ainmnighthe in-onóír do'n Naomh. An naomhadh lá de Márta atá lá Fhéíle Lactín.
2) Cill LactínCill do chuir Naomhm Lactín ar bun i lár na sémad h-aoise. Do dóig na Loclannaig í sa bhlian 836. Táid na sean-fallaí le feiscint fós. Tá seana-roilig agus sean-fothraca fós ann leis. Tá an áít timceall trí mhíle soir ó dheas ó Baile Mhúirne. Do bhíodh ins an cíll sin ins an tsean-aimsir lámh dheas Lactín agus roinnt eile dhá mhartra agus do tagadh a lán ann ar thuras dá leigheas. Mailsheacnaill Ó Ceallacháín, Rí Ua n-Eacach (?) Mumhain a cailleadh sa bhliain 1121, do dhein an scrín 'na raibh an lámh. Tá an scrín le feiscint indiu i Seodhlainn ar Adadhaimh i n-Áth Cliath agus is beag, má tá seód de sean-iarsmáíbh na h-Éireann cómh h-áluinn ná cómh greannta leis.
3) Cathair CéírínDeirtear gur'b otharlann an áít seo agus go dtéídheadh daoine ann nuair a bhíodh aon breóiteact ortha cun iad féin a leigheas. Tá a lán sean-fhothraca tímcheall an bhaill agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Prionsias Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí