Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 286
- XML “Drochainmneacha ar Áiteanna - Lúibín na gCorp”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall míle go leith taobh thoir de seípeál Tuath na Droman ar an mbóthar go Maghchromtha tá cuinne ar an mbóthar agus an ainm atá air "Lúibín na gCorp" agus an cúis go dtugaidís an ainm sin ar an áit ná aon socraid a bhíod ag dul go dtí an roilig do leagaidís anuas an cómhra agus léighead an sagart na paidreaca mar do bíodh eagla ar na sagairt dul níos sia mar san aimsir úd dá dtiochfad na Sasanaig ortha do cuirfí isteach sa phríosún íad.Aon lá amháin bhí socraid ag dul soir (?) an bóthar céadna agus bhí sagart ann. Chonnacadar na daoine lag teacht na gcoinnibh agus dubhairt na daoine leis an sagart filleadh tharnais. D'iompuigh an sagart tharnais agus nuair a bhíodar ag teacht suas leis do léím sé ó'n mbóthar agus chuaidh sé (?) leis an léim sin ceathramhadh mhíle taobh thuaid den (?) bhóthar agus an áit gur tháinig sé anuas ná ar cloch (?) agus tá rían a bhróige clé agus leath dá bhróíg dheis ar an gcloic sin fós. Tá an chloc so i gCathair Céirín (?). Tá sé ráidthe nár cheart aon rud do chur sa phairc seo mar nuair a chuireadar é do thuit rud éígint bun ós cionn leó.
- Bailitheoir
- Neans Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Concubhar Ó Éaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí