Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 289
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá mbeadh an ceatramhadh dubh ar na ba agus go mbeidís ag fághail báis do gcafaí an ceatramhadh a bhead dubh den beitidheach a geóbhadh bás agus do crocfaí sa t-seimné é le súil go n-imteóchadh an galar san leis an ngaóith
Dá mbeadh na gamhna óga ag fághail báis ort agus dá gcuirfeadh duine éigin a bheadh ar maite leat mínseach nó mionán iteach san tig na mbeadh na gamna i gan fhios duit do imteóchadh an galar díobh
Dá mbeadh na gamhna ag fághail báis ar duine go mbeadh droch aigne aige do cuirfheadh sé gamhain marbh roimh gamhna a chomarsan sa pháirc na mbeidís ag innéar, agus do thógfhadh na gamhna san an galar leis. Deirtear gurb é an rud ba chirte a dheánamh le na leithéad sin de rud ná é do dóghadh
Dá mbeadh na gamna ag fághail báis deirtear dá gcuirfheadh an ceud duine a bhfeicfead an gamhain núair a bheadh sé beirte, blúire salachair na bhéul do mbeadh seans go mairfeadh sé
Núair bíodh na gamhna ag fághail báis fadó do tugtaí an gamhain chun na bó gach maidin ar feadh naoí lá.
Deirtear muna mbeadh na ba ag eirighe leat dá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceann Droma, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Colmáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 95
- Seoladh
- Ceann Droma, Co. Chorcaí