Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal a fuair Neans Ní Shúilleabháin, Baile-Uí-Bhuaig (?) ó Concubhar Ó Suilleabháin, Gort-an-Eadain. Tá sé tímcheall naocadh bliain.
Ba dheirinnighe a bhí Cearbhaill ann ná Eóin Ruadh. Thall i gCúl an Bhuachaig a bhí sé ag (?) ag Seán Ó Mulláin. Bhí sé ag aoireacht bó do. An uair sin dá mbeadh seacht nó gcínn de bhuaibh agat do chaithfeá garsún do (?) chun bheith in dhiaidh a h-earball fá'n lae.Bhí bó riabhach ag Ó Mulláin agus bhí sí ag réabadh túrtóige agus an garsún á dtabhairt abhaile sa tráhnóna. D'innis sé do'n sean duine eirig deatach as an túntóig. Dubhairt Sean Duine leis an garsún tosach an bhainne a bhreith isteach chuige ach d'ól an garsún an bainne. Sin é an áit a fuair (?) sé an fios. Thug sé cuid eile dá bhainne mullain agus d'ól sé é ach d'aithin sé nárbh é bainne ceart é. "Sead a chladhaire" ar seisean "D'imsis cleas orm ach is olc a raghaidh sé dhuit. Nior fhan an garsún a thuille leis.Chomáin sé leis go ndeaghaidh sé isteach i dtig tabhairne. Agus púint á ól aige d'fhiafruig sé de'n mhnaoí an raibh an céard foghluimthe aici. "Níl aon céard ann" ar sise "ach dom (?) á líónadh agus airgead a thógaint." "Na bac san" ar seisean (?) "Tabhair gloine agus cáirt don duine atá chruaidh chroidheagus go bráth ná brostaig amach an duine bhí (?) ag glaodhach is ag díol."- Bailitheoir
- Neans Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Concubhar Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 90
- Seoladh
- Gort an Éadain, Co. Chorcaí