Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceann Droma is ainm don baile ‘na bhfuilim-se im’ chomhnaidhe. Tá sé suidhte i bParóiste Cill na Martra i mbarúntacht Iar Musgraí. An talamh san mbaile seo níl sé ach coighseach maith. Tá tímcheall leath den talamh i ngleann agus an leath eile in árdán agus glaodhaimíd bun a’ bhaile ar an glean agus barr a’ baile ar an talamh árd.
Tá timpeall cúig céad agus a fiche acra talmhan sa bhaile ar fad agus tá timpeall ceathramhadh den talamh seo faoi talamh garbh fluic go bhfuil fraoc agus fionnán ag fás air agus ní bhíonn ach ba seasga ag innéar air. Ansan tá timpeall ochtamhadh eile de fé carraigreacha loma agus aiteann.
Tá an talamh go léir roinnte in ocht bhfeirmeacha, ceann aca go bhfuill céad acra ann agus timpeall seasca acra i ngac feirm eile agus tá tig feirmeora i ngach feirm de na ocht feirmeacha, tighthe cínn slinne ar fad atá ann. Fadó do bhíodh fir oibre ag na feirmeoirí agus tighte beaga acu ar an bhfeirm ar a mbidís ag obair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceann Droma, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Colmáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 96
- Seoladh
- Ceann Droma, Co. Chorcaí