Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuairim na ndaoine gur b’amhlaidh do cheannaiódar so ós na daoine fúair ar dtúis é in aimsir Cromwell. Níl aon cúntas cathain nó cé dhein an roinnt ar an dtalamh ach go bhfuil sé ar an gcuma gcéana le breis agus céad bliain. Do cheap na daoine gur tíoranaig mílteacha iad ná ni raibh pioc carthanachta ionta ach mioscais agus droch aigne agus bhí cúis aca leis an dtuairim seo.
Tá i gCaislean Baile Átha Cliath léiseanna a theasbáinfadh cad é an saghas iad. Seo ceann acu. Dó agus triochadh punt cíos na feirme, ach cuireadh sa léas mar thuile, ceithre cúpla turcaighe um Nollaig agus mar a mbéadh an cíos díolta an lá áirighthe bhí ar an bhfeirmeóir cúig phúint agus dachad do dhíol. Na theannta san bhí ar an bhfeirmeóir aire thabhairt don ‘game’ gan aon díoluigheacht, agus dá bhfaightí súil ribe roimh giorraidhe sa talamh bhí cíos leath bliana ort le díol.
Éinne go raibh portach ar a gcuid tailimh do dhíolfhad an tíarna talún amach é agus níl fód móna ag an bhfeirmeóir anois.Teasbáineann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí