Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (uimhir rolla 14107)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Luineacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i gCiarraidhe in aimsir Eóghain Ruaidh. Spriúnlóir críochnuighthe do b'eadh é, agus do pósadh é le mnaoi caoin cneasta. Níor réidhtigeadar le chéile in aon chor, mar 'sé rud a déarfadh an fear i gcómhnuidhe ná go raibh sí ag ithe an iomarea. Uaireanta do bhuaileadh sé í le bata trom, agus i ndeire na dála d'imthigh sí ar Shlighe na Fírinne, mar bhí a croidhe briste.
Do pósadh an ath-uair é agus do b'é an sgeal ceudna é. Níor mhair sí ró fhada mar bhíodh sé i gcomnuidhe ag aighneas agus ag aragóint.
Nuair a bhí sé le pósadh an thríomhadh uair dubhairt an sagart paróiste leis go gcaithfeadh sé teistiméaracht d'fághail ó athracha na mban sar a dtabharfadh sé aon bhean eile dó.
Bhí fhios ag an spriúnlóir cad do bhí in ann dó ní raibh aon deagh fhocal ag na fearaibh dó, agus bhí sé i gcruadh cás. Ní raibh fhios aige cad ba cheart dó a dhéanamh. Lá amháin do bhuail Eóghan Ruadh leis. Do nocht sé an sgéal dó. Arsa Eoghan leis:- "Scríobhfad-sa an teistiméaracht duit ar aon chiongíoll amháin." "Cad é féin" arsa Risteárd, an fear. "Mhuise ní mór é an coingeall - piúnt uisce beatha a thabhairt dom." Níor thaithn san leis an spriúnlóir, agus dubhairt sé na féadfadh sé é. Ní dubhairt Eoghan Ruadh 'seadh na ní h-eadh(leanann ar an chéad leathanach eile)