School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 319

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 319

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 319
  3. XML “Páirc an Ospidéil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an fear isteac san ospaideal dubairt sé "Caith isteach é agus beidh sé marbh far a shroisfidh mé an reilg." Níl fhios againn cad do dheineadar leis an bhfear ach ni dócha gur dheineadar an rud a dubhairt an fear.
    Tá bóithrín o'n ospaidéal go dtí an mbothar. Áit an-uaigneac isead é. Timceall dhá bhlian ó sín connachthas solas ag teacht o'n ospaidéal agus d'imthigh sé go dtí líos Sheán Ui hAnnracháin. Do bhí sé timcheall aon deag a' clog san oidhche nuair do chonnachthas e. Do bhí mé ag teacht abhaile an oidhche sin ó thigh na Nuanán agus bhí sé deidheannac nuair do chonnaich mé an solas, ag teacht o'n ospaideal. Do thuit sé í iothlann Seán Ui hAnnracháin agus ní fheaca mé o shoin é.
    Ins an osbuideal seo do bhiodh trí cead duine agus gheibheadh triúr nó ceathrar bás gach lá. Lá amháin do bhí an fear a bhí ag thógant na gcorp go dtí an reilg (?) bhí sé ag cainnt leis an dochtiur; dubhairt an dochtuir leis go raibh duine marbh i gcuinne an osbuidéil. Do chuaidh an fear síos agus do rug sé air cun é do chur isteac san gcarr. Do labhair an fear tinn agus dubhairt sé nach raibh sé marbh in aon chor. "Dún do bheul" ar san bhfear "An bhfuil fhíos níos fearr agat na ag an dhochtúir." Dá mhéid é na cuirp a bhéadh dá tharrach aige is mó an págh bhíodh le faghail aige. Bheadh diomhbhaidh ar an bfear nuair ná beadh aoinne marbh agus bheadh athas air nuair a bhéadh triúr no ceathrar marbh.

    Séan De Barra
    Rath Árd
    Fuair mé an sgéul óm mhathair
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán de Barra
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    An Ráth Ard, Co. Chorcaí