Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)

Suíomh:
Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dáithí Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 335

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 335

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Leathanach 335
  3. XML “Naomh Mochuda i mBaile Átha hÚlla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fado bhí priomh bhóthar ag gabhail ó Corcaigh gó dtí Caiseal Mhumhan agus deirtear go raibh sé ag gabhail tré Bhaile Atha h-Úbhla. Bothar ana thabhachtac do beadh é agus "bothar bó finne" a tugtaí air. Bhí an bóthar seo ann sar ar tógadh an Caisleán nó an Droíceadh. Nuair ná raibh aon dróiceadh ann bhí ath ag dul treasna na h-abhann in aice na háite in a bhfuil an caisleán anois. Tá an ath ann fós ac ní deintear aon úsáid dé mar tá droichead ann.
    Fado deirtear go raibh Naomh Mochuda ag gabháil an treó (?) i gcarbad lá. Do bhí buachaill ag tiomáint an chapaill dhó. Nuair a bhíodar ag dul treasna an átha do chonnaic an Naomh ubhall breagh dearg ag snámh ar an uisce. Nuair do thóg an Naomh an t-ubhall isteac d'iarr an buachaill air an t-ubhall do thabhairt dó mar do bhí uisce ag téacht len dá a fhiacailibh. Dubhairt an Naomh na tabhairfeadh sé dó é mar do bhí leigheas ann. Annsin chuaidh an Naomh agus an buachaill go dtí Gleann Iubhair. Do bhí an áith sin tímcheall trí mhile ó'n áth. Do bhí Rí na h-aithe in a chómhnaidhe annsan. Do bhí inghan aige agus bhí a lamh marbh. Do chuaidh an Naomh suas chuice agus dubhairt sé léi "sín amach do lámh agus tógh an t ubhall." Do shín sí amac an lamh mhaith ach dubhairt an Naomh léi an lámh marbh a shíneadh. Dubhairt an cailín ná féadfadh sí. Dubhairt an Naomh léi annsan iarracht a thabhairt air. Annsan déin sí mhar dubhradh leí agus do eirigh leí é do dheineamh. Do thógh sí an t-ubhall annsan agus ith sí é. Bhí an lámh a bhí marbh níos féárr ná an ceann a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    10
    Seoladh
    Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí