Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)
- Suíomh:
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dáithí Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a lán bailtí fearainn ar an dtaobh theas de'n Abhainn Móir. Do bhí fear da'r b'ainm dó Roiste na chomhnaidhe i gcaislean Bhaile-Mich-Philip agus do bhí triúr mac aige. Do bhí an talamh go léir mór thimceall aige. Nuair a bhí sé ag fhagail bháis do roinn sé an talamh idir an triúr mac. Tug sé píosa de'n talamh do Pilip, piosa eile do Labrás, agus píosa eile do Ailín. Tugtar Baile-Mhic-Philip, Baile-Mhic-Labhrais, agus Baile-Mhic-Ailín ar na trí h-áiteanna fós.Tá ocht dtighte breaghthe i mBaile-Mhic-Labhráis. I gceann de's na tightaibh níl aon duine na chómhnaidhe ann. Tá cúigear nó seisear duine na gcomhnaidhe i ngach ceann de's na tigthibh eile agus tá timcheall ficheadh duine ar fad insan mbaile fearainn.Tá ceithre tighthe breagthe i mBaile-Mhich-Philip. Tá ceathrar no cuighear duine na gcómnaidhe ins gac tigh, agus tá timceall ficheadh duine ar fad ann. Tá aon falla amhain de'n chaisleán in a sheasamh ann fós. Tá sruth beag ag snighe tré Bhaile-Mhic-Philip. Tá droicead o's cionn an t-srutha anois. Fado ní raibh aon driocead ann, ac bhí ath in-san sruth ar a dtugtaí Ath-na-Coimhisgir.Tá Baile-Mhic-Ailín suidhte ar bhruac na h-Abhann Móire. Tá sé tigthe ann anois. Tá ceann de's na tighthe taréis tuitimh anois. Tá timceall ficeadh duine na gcomhnaidhe ann anois.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Liam Ó Lombárd
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Bloomfield Cross Roads, Co. Chorcaí