School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)
- Location:
- Ballyhooly, Co. Cork
- Teacher: Dáithí Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
- XML Page 348
- XML “Bailte Fearainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá a lán bailtí fearainn ar an dtaobh theas de'n Abhainn Móir. Do bhí fear da'r b'ainm dó Roiste na chomhnaidhe i gcaislean Bhaile-Mich-Philip agus do bhí triúr mac aige. Do bhí an talamh go léir mór thimceall aige. Nuair a bhí sé ag fhagail bháis do roinn sé an talamh idir an triúr mac. Tug sé píosa de'n talamh do Pilip, piosa eile do Labrás, agus píosa eile do Ailín. Tugtar Baile-Mhic-Philip, Baile-Mhic-Labhrais, agus Baile-Mhic-Ailín ar na trí h-áiteanna fós.Tá ocht dtighte breaghthe i mBaile-Mhic-Labhráis. I gceann de's na tightaibh níl aon duine na chómhnaidhe ann. Tá cúigear nó seisear duine na gcomhnaidhe i ngach ceann de's na tigthibh eile agus tá timcheall ficheadh duine ar fad insan mbaile fearainn.Tá ceithre tighthe breagthe i mBaile-Mhich-Philip. Tá ceathrar no cuighear duine na gcómnaidhe ins gac tigh, agus tá timceall ficheadh duine ar fad ann. Tá aon falla amhain de'n chaisleán in a sheasamh ann fós. Tá sruth beag ag snighe tré Bhaile-Mhic-Philip. Tá droicead o's cionn an t-srutha anois. Fado ní raibh aon driocead ann, ac bhí ath in-san sruth ar a dtugtaí Ath-na-Coimhisgir.Tá Baile-Mhic-Ailín suidhte ar bhruac na h-Abhann Móire. Tá sé tigthe ann anois. Tá ceann de's na tighthe taréis tuitimh anois. Tá timceall ficeadh duine na gcomhnaidhe ann anois.(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Lombárd
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Bloomfield Cross Roads, Co. Cork